Scéim um Ríocht Phoiblí Shráid an Diúic/ Sráid Anna Theas -  Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil

Closed 20 Feb 2022

Opened 31 Jan 2022

Overview

Is tionscadal tosaíochta é scéim feabhsúcháin na Ríochta Poiblí seo do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus muid ag leanúint le cur chun feidhme ‘Do Chathair - Do Spás’, Straitéis Ríochta Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath (2012) agus Máistirphlean Ríochta Poiblí ‘Croílár Bhaile Átha Cliath’ (2016) . Áirítear sa chéad chéim eile d’fheabhsuithe fearainn poiblí ar Cheathrú Shráid Grafton tá Sráid an Diúc, Sráid Anna Theas, Sráid Lemon, Lána an Diúc Uachtarach, Lána an Diúc Íochtarach agus Lána Anna.  Is bealaí tábhachtacha coisithe iad seo a nascann Sráid Grafton leis an gCathair Sheoirseach Theas trí Shráid Dhásain.

Is í an fhís don scéim seo, mar atá leagtha amach i bPlean Ríochta Poiblí Cheathrú Shráid Grafton 2014, eispéireas ardchaighdeáin Shráid Grafton a leathnú isteach sa phríomhcheantar seo. Soláthraíonn an gréasán sráideanna agus lánaí seo deiseanna iontacha do chomhfhorbairt áite. Trí dhearadh a chur i bhfeidhm, a thugann tosaíocht do choisithe agus do ghníomhachtú spás poiblí, tá súil againn luach eacnamaíoch a chur le príomhlár miondíola na cathrach trí na sráideanna seo a thiontú ina gceann scríbe le cuairt a thabhairt orthu agus fanacht iontu seachas dul tríd. Tá sé i gceist canbhás ardchaighdeáin a sholáthar do shaol fuadar na sráide le gníomhaíocht i rith an lae agus san oíche.

Sa dearadh, leagfar béim faoi leith ar dhearadh agus ar chaomhnú uilíoch, agus beidh ról tábhachtach ag idirghabhálacha glasaithe nua agus réitigh draenála inbhuanaithe chun an timpeallacht seo a fheabhsú. Trí bhearta Soghluaisteachta Covid a glacadh le déanaí, tugadh isteach níos mó limistéar do choisithe agus tá níos mó spáis curtha ar fáil acu le haghaidh itheacháin allamuigh sa cheantar: tá sé beartaithe ag an scéim seo cur leis na hathruithe dearfacha seo.

Agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag tosú ar phleananna a fhorbairt chun infheistíocht a dhéanamh sa timpeallacht uirbeach seo táimid ag lorg do chuid ionchuir agus muid ag athshamhlú an limistéir seo agus ag déanamh ár ndícheall an fhís seo a thabhairt i gcrích, bain úsáid as an nasc thíos chun an suirbhé a chomhlánú.

Is iad seo na chéad chéimeanna eile:

  • Comhairliúchán poiblí neamhreachtúil trí seachtaine ó 31 Eanáir go dtí an 20 Feabhra 2022
  • Tuilleadh comhairliúcháin le gnólachtaí agus páirtithe leasmhara áitiúla
  • Iarratas pleanála Cuid 8 a chur isteach

Why your views matter

 

 

Areas

  • All Areas

Audiences

  • Anyone from any background

Interests

  • Traffic Planning and Movement
  • Public Transport
  • Pedestrian Movement
  • Cycling
  • Wayfinding
  • Roads Design