Cáin Mhaoine Áitiúil – Céim an Chomhairliúcháin Phoiblí
Overview
Cliceáil anseo chun na Ceisteanna Coitianta agus Buiséad Giorraithe a Glacadh 2014 a léamh. Chun teacht ar an suirbhé, téigh thíos go bun an leathanaigh.
De réir alt 20 den Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012, arna leasú le halt 5 den Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2013, is féidir le hÚdarás Áitiúil, mar fheidhm fhorchoimeádta, cinneadh a dhéanamh le bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú +/-15% laistigh dá limistéar feidhme. Is féidir le hÚdaráis Áitiúla an chumhacht seo a fheidhmiú ó 2015 ar aghaidh agus tháinig an t-alt bainteach den acht i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2014.
Ní mór d’Údarás Áitiúil aon chinneadh le bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú a dhéanamh roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain chun go dtiocfaidh an t-athrú sin i bhfeidhm ar an 1 Samhain (an dáta dliteanais), tráth a shocrófar dliteanas na gcáiníocóirí i leith CMÁ sa limistéar údaráis áitiúil sin don bhliain dár gcionn.
Mar chuid den phróiseas seo, is cóir don Údarás Áitiúil tuairimí an phobail a lorg. Dá bhrí sin, tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag iarraidh ar dhaoine leasmhara ar baill den phobal iad páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin seo. Beidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl ó Dé Máirt, an 15 Iúil 2014 go dtí 4.30i.n., Dé Céadaoin, an 13 Lúnasa 2014.
Is féidir le páirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa phróiseas ar na bealaí seo a leanas:
- Suirbhé ar líne a chomhlánú ag www.dublincity.ie
- Leagan PDF den suirbhé a chur isteach tríd an ríomhphost chuig LPTconsultation@dublincity.ie
- Cóip chrua den suirbhé a chur isteach chuig:
Comhairliúchán ar an gCáin Mhaoine Áitiúil,
f.ch. An Rannóg Airgeadais,
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Bloc 1, Urlár 8,
Oifigí na Cathrach,
Cé an Adhmaid,
Baile Átha Cliath 8
Cuirfear cóipeanna crua den suirbhé seo ar fáil i Leabharlanna Poiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus san Ionad Seirbhísí do Chustaiméirí, Oifigí na Cathrach, Cé an Adhmaid, Baile Átha Cliath 8 agus in Oifigí Ceantair áitiúla. Cuirfear leagan PDF den suirbhé ar líne ar fáil freisin lena íoslódáil ar http://www.dublincity.ie/ nó cuirfear cóip chugat ach ríomhphost a sheoladh chuig lptconsultation@dublincity.ie
Ní mór do bhaill an Údaráis Áitiúil cíoradh a dhéanamh ar an aiseolas a fhaightear tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí mar chuid den phróiseas déanta cinnidh agus ní mór tuairisc a chur le chéile faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh, le hachoimre ar na haighneachtaí i scríbhinn a fuarthas a thabhairt dóibh, chun na críche seo.
Ní mór do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a chinneadh a chur in iúl do:
- Na Coimisinéirí Ioncaim
- An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
faoin 30 Meán Fómhair 2014. Tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis rún a rith le ráta CMÁ a athrú, caithfear fógra a chur ar láithreán gréasáin na Comhairle Cathrach agus in aon nuachtán amháin a scaiptear sa limistéar.
Areas
- All Areas
Audiences
- Gach Saoránach
Interests
- An Cháin Mhaoine Áitiúil
Share
Share on Twitter Share on Facebook