Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail
Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag obair ar Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) nua. Is plean sé bliana é an Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) lena mbaineann cuspóirí le haghaidh:
1) Forbairt áitiúil agus pobail a chur chun cinn i gCathair Bhaile Átha Cliath agus tacú léi
2) Forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn agus tacú léi
Chun na cuspóirí a chur i gcrích, déanfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus roinnt páirtithe leasmhara forbartha eacnamaíochta agus pobail ar fud na cathrach cuid mhaith comhghníomhartha a sholáthar.
Tá do chúnamh ag teastáil uainn
Tá sé mar sprioc ag an bPlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) cur le forbairt dhearfach don todhchaí maidir le Cathair Bhaile Átha Cliath. Le gur féidir linn an plean is láidre a dhearadh, ba mhaith linn cloisteáil uait/ó d’eagraíocht. Táimid ag iarraidh do chuid smaointe, tuairimí agus gníomhartha a chloisteáil maidir le conas is féidir feabhas a chur ar chomharsanachtaí, pobail agus geilleagair áitiúla dóibh siúd a gcónaíonn, a n-oibríonn, a bhfoghlaimíonn i gCathair Bhaile Átha Cliath, agus a thugann cuairt ar an áit.
Léigh an dréacht thíos ar Spriocanna Ardleibhéil agus cuspóirí de chuid Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail go mion. Cuideoidh d’ionchur linn scagadh sa bhreis a dhéanamh ar na spriocanna agus cuspóirí seo agus chun teacht ar ghníomhartha agus chun iad a bhunadh chomh maith.
Share
Share on Twitter Share on Facebook