Tá an chéad Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail á fhorbairt i gcomhair Cathair Bhaile Átha Cliath ag leagan amach spriocanna ardleibhéil, cuspóirí agus na bearta a theastaíonn chun forbairt eacnamaíochta, forbairt áitiúil agus pobail a chur chun cinn i rith na sé bliana atá amach romhainn.
Sa chuid luath de 2015, d'aithin an dá chomhlacht a bhfuil freagracht orthu as an bPlean a fhorbairt (an Coiste Forbartha Pobal Áitiúil agus an Coiste um Polasaí Straitéiseach ar Fhorbairt Eacnamaíoch agus Fiontraíochta) dhá phríomhsprioc déag shóisialta agus eacnamaíocha don Chathair ar chóir díriú orthu i rith shaolré an Phlean.
Tá an Plean dírithe ar na ceisteanna/spriocanna sóisialta agus eacnamaíocha ar féidir le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, gnóthaí, eagraíochtaí pobail agus deonacha áitiúla agus comhlachtaí stáit díriú orthu.
Tá aighneachtaí á lorg i dtaobh na spriocanna ardleibhéil atá leathan agus uaillmhianach. Tar éis tréimhse chomhairliúcháin phoiblí bainfear leas astu mar bhonn le bearta agus cuspóirí níos sainiúla a fhorbairt.
Agus an plean seo á fhorbairt againn, is mian linn do chuid tuairimí agus tosaíochtaí, maidir leis na saincheisteanna eacnamaíochta agus pobail gur comhair a chur san áireamh, a chloisteáil uait.
Tá tuilleadh eolais ar an gcomhairliúchán ar fáil anseo.
Tugtar cuireadh duit aighneacht a sheoladh chugainn faoi 30 Meitheamh 2015.
R.phost: lecp@dublincity.ie
NÓ
Tríd an bpost: Helen O’Leary, Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Bloc 3, Urlár 1, Cé an Adhmaid, Baile Átha Cliath 8
NÓ
Trí chliceáil ar ‘Nocht do Chuid Tuairimí’ thíos agus do thuairimí a roinnt linn faoi na spriocanna ábhartha. Is féidir leat aighneacht ginearálta a dhéanamh freisin ag an cheist deiridh.
Mar chuid de do aighneacht cuirimid fáilte roimh do thuairim ar na ceisteanna seo a leanas:
Tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí i rith mhí an Mheithimh 2015, déanfaidh an Grúpa Stiúrtha Comhairleach na haighneachtaí uile a mheas agus ullmhófar sraith athbhreithnithe de spriocanna ardleibhéil don Chathair. Le tuilleadh taighde, rannpháirtíocht agus comhairliúchán déanfar sraith de chuspóirí agus bearta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na spriocanna ardleibhéil.
Share
Share on Twitter Share on Facebook