Dréachtscéim Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath um Beartas Straitéiseach 2024-2029

Closes 9 Aug 2024

Opened 19 Jul 2024

Overview

Achoimre

Chuir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Dréachtscéim Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath um Beartas Straitéiseach 2024-2029 ar fáil

Tá an bonn reachtúil do na Coistí um Beartas Straitéiseach (CBSanna) leagtha amach i gCuid 48 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, arna leasú le hAlt 41 d’Acht 2014.

Tá CBSanna ceaptha a bheith Straitéiseach.  Tá agus beidh an Chomhairle ar an údarás cinnteoireachta agus is faoin gComhairle atá sé an cinneadh deiridh maidir le cúrsaí straitéiseacha a dhéanamh.

Moltar i dTreoirlínte na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta gur cheart do CBSanna:

  • cabhrú leis an gComhairle maidir le cur le chéile, forbairt, monatóireacht agus athbhreithniú na mbeartas agus na straitéisí a dhéanamh.
  • príomhfheidhmeanna nó seirbhísí an údaráis áitiúil a léiriú laistigh den chomhthéacs níos leithne.
  • polasaí corparáideach foriomlán agus cuspóirí na Comhairle a chur san áireamh, a chomhtháthú le pleananna reachtúla agus a nascadh go réalaíoch le hacmhainní airgeadais.
  • a bheith saincheaptha do mhéid, ballraíocht agus acmhainní riaracháin an údaráis áitiúil, ach ceathrar a bheith ann de ghnáth.
  • aon trian dá mballraíocht a bheith ó earnálacha a bhaineann le hobair na gCoistí.  Ba cheart go mbeadh duine amháin de na comhaltaí ar a laghad ar gach coiste a bheith ón mBallraíocht sa Líonra Rannpháirtíochta Pobail.
  • Bualadh lena chéile faoi dhó in aghaidh na bliana ar a laghad.  Bhuaileadh CBSanna i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath lena chéile ceithre go sé huaire in aghaidh na bliana de ghnáth.
  • Ba cheart don Ghrúpa Beartais Chorparáidigh (CPG) cláir oibre na CBSanna a shocrú agus ceisteanna le plé a mholadh do na CBSanna.  Ní mór do gach foghrúpa na CBSanna a bheith ceadaithe ag an CPG chun soiléireacht a chinntiú maidir le hachoimrí, tuairisciú agus comhréim oibre idir na Coistí a sheachaint.

Sholáthair Scéim CBS Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 2019-2024 7 CBS agus tá struchtúr den chineál céanna á mholadh agam do 2024-2029, mar seo a leanas:

  1. CBS Pobail, Gaeilge, Spóirt & Cultúir (21 Comhalta: 14 Chomhairleoir, 7 gComhalta Earnála)
  1. CBS um Ghníomhú ar son na hAeráide & Acmhainneacht Uirbeach (15 chomhalta: 10 gComhairleoir, 5 Chomhalta Earnála)
  1. CBS um Fhorbairt Eacnamaíoch & Fiontar (15 chomhalta: 10 gComhairleoir, 5 Chomhalta Earnála)
  1. CBS Airgeadais – (18 gComhalta: 12 Chomhairleoir, 6 Chomhalta Earnála)
  1. CBS Tithíochta (24 Comhalta: 16 Chomhairleoir, 8 gComhalta Earnála)
  1. CBS Soghluaisteachta agus na Ríochta Poiblí (18 gComhalta: 12 Chomhairleoir, 6 Chomhalta Earnála)
  1. CBS na Pleanála agus na hAthnuachana Uirbí (15 Chomhalta: 10 gComhairleoir, 5 Chomhalta Earnála)

Ballraíocht Sheachtrach:

Tabharfar cuireadh do na hearnálacha seo a leanas go ndéanfar ionadaíocht orthu sna CBSanna

  • Forbairt/Tógáil
  • Gnó/Tráchtáil
  • Ceardchumann
  • Pobal/Deonach (Colún na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail)
  • Colún na hIonchuimsitheachta Sóisialta (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)                    
  • Comhshaoil/Caomhnú (Colún na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail)

Is féidir Dréachtscéim Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath um Beartas Straitéiseach 2024-2029 a íoslódáil thíos.

Na Coistí um Beartas Straitéiseach

Tá an bonn reachtúil do na Coistí um Beartas Straitéiseach (CBSanna) leagtha amach i gCuid 48 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, arna leasú le hAlt 41 d’Acht 2014.

Tá CBSanna ceaptha a bheith Straitéiseach.  Tá agus beidh an Chomhairle ar an údarás cinnteoireachta agus is faoin gComhairle atá sé an cinneadh deiridh maidir le cúrsaí straitéiseacha a dhéanamh.

Cuir gach tuairim faoin scéim isteach faoin Aoine 9ú Lúnasa 2024.

Give us your views

Areas

  • All Areas

Audiences

  • Anyone from any background

Interests

  • Traffic Planning and Movement
  • Public Transport
  • Pedestrian Movement
  • Cycling
  • Wayfinding
  • Roads Design
  • Roads Maintenance
  • Road Licences
  • Road Closures
  • Taxi Ranks
  • Planning
  • Urban Design
  • City Development Plan
  • Forward Planning
  • Local Area Plans
  • Public Realm
  • Economic Development
  • Property Development
  • Strategic Development Zones
  • Conservation
  • Heritage
  • Parks, Greening and Biodiversity
  • Open and Civic Space
  • Sports and Leisure
  • Events
  • Tourism
  • Casual Trading
  • Control of Dogs and Horses
  • Community Engagement
  • Community Facilities
  • Childrens Services
  • Older Persons Services
  • Arts and Culture
  • Street Performance/ Busking
  • Homeless Services
  • Traveller Accommodation
  • Housing Management
  • Regeneration Projects
  • Environmental Health
  • Water and Drainage
  • Waste Management
  • Climate Change
  • Environmental Issues
  • Local Property Tax
  • An Cháin Mhaoine Áitiúil
  • All Interests
  • All Services
  • Gach Seirbhís
  • Uile
  • Fire Services
  • Training
  • Human Resources