Cur i bhFeidhm Tairseach Thoghcháin Vótáil.ie

Closed 18 Jan 2019

Opened 18 Dec 2018

Overview

Forbhreathnú

Tá (an t-údarás áitiúil) ag beartú tairseach nua thoghcháin a sholáthar, www.voter.ie i Mí Feabhra/an Mhárta 2019.  Ní bheidh Voter.ie ar fáil ach i réigiún Bhaile Átha Cliath amháin agus cuirfidh sí áis ar fáil d’úsáideoirí chun a sonraí toghcháin a sheiceáil i bhfíor-am agus glacfaidh sí áit www.checktheregister.ie

Chomh maith leis sin cuirfidh an tairseach réimse seirbhísí ar líne ar fáil d’úsáideoirí.  Beidh vótálaithe in ann

  • Iad féin a chur ar Chlár na dToghthóirí (iarratais nua, clárú den  1ú  huair)
  • A seoladh a athrú
  • Eagarthóireacht a dhéanamh ar a sonraí toghcháin (lena n-áirítear athrú ar shaoránacht, ar ainm)
  • Iad féin a bhaint den Chlár

Is seirbhís breise é seo do chónaitheoirí Bhaile Átha Cliath agus ní ghlacfaidh sé áit na bhfoirmeacha páipéir reatha.  Is féidir le húsáideoirí a sonraí a sheiceáil má chuireann siad a n-ainm agus a seoladh iomlán nó a nÉirchód ar an gcóras.  Má tá siad ag iarraidh úsáid a bhaint as na seirbhísí a luaitear thuas, áfach, caithfidh úsáideoirí a gcéannacht a fhíorú trí www.mygovid.ie.  Is seirbhís céannachta ar líne é MyGovID, a d’fhorbair an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, a thugann deis duit rochtain a fháil ar sheirbhísí Rialtais ar líne ar bhealach slán sábháilte. 

De bhrí go bhfuilimid ag tabhairt isteach córas nua caithfimid Measúnacht Tionchair ar Phríobháideacht Sonraí (MTPS) a dhéanamh.

Tabhair Dúinn Do Thuairimí

Areas

  • All Areas

Audiences

  • Anyone from any background

Interests

  • All Interests