Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail Bhaile Átha Cliath, 2016 - 2021 Comhairliúchán Poiblí

Closed 30 Jun 2015

Opened 1 Jun 2015

Overview

Tá an chéad Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail á fhorbairt i gcomhair Cathair Bhaile Átha Cliath ag leagan amach spriocanna ardleibhéil, cuspóirí agus na bearta a theastaíonn chun forbairt eacnamaíochta, forbairt áitiúil agus pobail a chur chun  cinn i rith na sé bliana atá amach romhainn.

Sa chuid luath de 2015, d'aithin an dá chomhlacht a bhfuil freagracht orthu as an bPlean a fhorbairt (an Coiste Forbartha Pobal Áitiúil agus an Coiste um Polasaí Straitéiseach ar Fhorbairt Eacnamaíoch agus Fiontraíochta) dhá phríomhsprioc déag shóisialta agus eacnamaíocha don Chathair ar chóir díriú orthu i rith shaolré an Phlean.

Tá an Plean dírithe ar na ceisteanna/spriocanna sóisialta agus eacnamaíocha ar féidir le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, gnóthaí, eagraíochtaí pobail agus deonacha áitiúla agus comhlachtaí stáit díriú orthu.

Tá aighneachtaí á lorg i dtaobh na spriocanna ardleibhéil atá leathan agus uaillmhianach.  Tar éis tréimhse chomhairliúcháin phoiblí bainfear leas astu mar bhonn le bearta agus cuspóirí níos sainiúla a fhorbairt.

Agus an plean seo á fhorbairt againn, is mian linn do chuid tuairimí agus tosaíochtaí, maidir leis na saincheisteanna eacnamaíochta agus pobail gur comhair a chur san áireamh, a chloisteáil uait.

Tá tuilleadh eolais ar an gcomhairliúchán ar fáil anseo.

Tugtar cuireadh duit aighneacht a sheoladh chugainn faoi 30 Meitheamh 2015.

R.phost: lecp@dublincity.ie

Tríd an bpost: Helen O’Leary, Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Bloc 3, Urlár 1, Cé an Adhmaid, Baile Átha Cliath 8

Trí chliceáil ar ‘Nocht do Chuid Tuairimí’ thíos agus do thuairimí a roinnt linn faoi na spriocanna ábhartha.  Is féidir leat aighneacht ginearálta a dhéanamh freisin ag an cheist deiridh.

 

Mar chuid de do aighneacht cuirimid fáilte roimh do thuairim ar na ceisteanna seo a leanas:

  • An léiriú iad an dá sprioc déag atá i gceangal leis seo ar fhíorcheisteanna a bhaineann leis an gCathair?
  • An bhfuil ceisteanna nó spriocanna eile tábhachtacha ann ar chóir tosaíocht a thabhairt dóibh sa Phlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail?
  • Cé na cuspóirí níos sonraithe a chabhróidh leis na spriocanna tosaíochta ardleibhéil a bhaint amach?
  • Cé na gníomhartha a dhíreoidh ar na cuspóirí agus na spriocanna?
  • Cé na heagraíochtaí nó na gníomhaireachtaí is oiriúnaí chun na gníomhartha a dhéanamh?

What happens next

Tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí i rith mhí an Mheithimh 2015, déanfaidh an Grúpa Stiúrtha Comhairleach na haighneachtaí uile a mheas agus ullmhófar sraith athbhreithnithe de spriocanna ardleibhéil don Chathair.  Le tuilleadh taighde, rannpháirtíocht agus comhairliúchán déanfar sraith de chuspóirí agus bearta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na spriocanna ardleibhéil.

Areas

  • All Areas

Audiences

  • Gach Saoránach

Interests

  • Uile