
Tá do chuid tuairimí maidir leis an Staidéar Iompair Lár Chathair Bhaile Átha Cliath á lorg ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Díríonn an staidéar isteach ar conas dul i ngleic leis na saincheisteanna iompair i gcroí lár na cathrach, chun gur féidir Plean Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath a chur chun feidhme, agus chun forbairt na cathrach sa todhchaí a chosaint.
Tuilleadh eolais maidir leis an “Dublin City Centre Transport Study” ar fáil ag www.dublincity.ie/transportstudy, na doiciméid agus mapaí is deireanaí san áireamh.
Cuirfear críoch leis an chomhairliúchán poiblí ar an Staidéar seo Déardaoin 7 Lúnasa, 2015 ag 5pm.
Glac páirt sa suirbhé agus nocht do chuid tuairimí.
Share
Share on Twitter Share on Facebook