Trí aighneacht a dhéanamh is féidir leat do chuid tuairimí faoi na hAthruithe Ábhartha molta do Dhréachtscéim Pleanála CFS an Phoill Bhig Thiar a chur in iúl. Déantar aighneachtaí ionas gur féidir leat féin, nó le do ghrúpa ról a ghlacadh i ndéanamh an Scéim Pleanála. Chun cabhrú leat, tugtar Uimhir Thagartha d’Athrú Ábhartha ar an Dréachtscéim agus is féidir leat aighneacht a sheoladh isteach faoin leasú ábhartha. Is féidir grianghraif nó doiciméid eile a chur isteach le d’aighneacht.
Ní ghlacfar ach amháin le haighneachtaí maidir le hAthruithe Ábhartha molta agus / nó cinneadh ar Mheasúnacht Timpeallachta agus / nó cinneadh Measúnacht Chuí ar chur i bhfeidhm na leasuithe molta. Beidh aighneachtaí nach gcloíonn leis na critéir seo neamhbhailí.
Chun gur féidir an plean a ullmhú, iarrtar ort d’aighneacht a dhéanamh chomh luath is féidir. Coinnigh gach aighneacht shoiléir, simplí agus beacht.
Is é an dáta deiridh do gach aighneacht ná Dé Céadaoin 12 Iúil 2017.
Share
Share on Twitter Share on Facebook