Plean Oibríochtaí Dóiteáin agus Éigeandála Briogáide Dóiteáin Átha Cliath - An Comhairliúchán Poiblí

Closed 11 May 2015

Opened 15 Apr 2015

Overview

Ba mhaith linn go mbeadh tuiscint ag an bpobal ar an obair a dhéanaimid mar sheirbhís dóiteáin. Ba mhaith linn freisin an deis a thabhairt duit do thuairim a chur in iúl faoinár bpleananna don todhchaí. Bíonn Briogáid Dóiteáin Átha Cliath i gcónaí ag obair go crua le seirbhís éifeachtach, éifeachtúil a chur ar fáil, seirbhís atá níos sábháilte do na fir agus do na mná dóiteáin féin agus a choinníonn an pobal slán san am céanna.

Is mian linn a chinntiú go bhfuil an obair a dhéanaimid ag teacht leis an gcineál seirbhíse atá ag teastáil ón bpobal. Smaoinigh ar an doiciméad agus ar an bpróiseas seo mar chuireadh duitse ionchur a bheith agat sna pleananna atá againn don tseirbhís dóiteáin, óir is linne go léir í.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat as spéis a léiriú sa phróiseas agus as d'ionchur. Beidh an t-eolas a gheobhaimid uait ina chabhair sa chéad chéim eile sa tionscadal seo.

Cuirfimid an t-eolas ar fad a gheobhaimid ón bpobal le chéile, déanfaimid anailís air, agus ansin cuirfimid moladh faoi bhráid na Comhairle Cathrach.

Cuirfear torthaí an phróisis comhairliúcháin in iúl go poiblí, agus tá sé de rún againn tuairisc shonraithe a fhoilsiú agus a chur ar fáil i mí an Mheithimh 2015 ar www.dublincity.ie

Teagmháil = dfbsection26@dublincity.ie

Dátaí tábhachtacha = Beidh sé ar siúl ón 15 Aibreán 2015 go dtí an 11 Bealtaine 2015

Areas

  • All Areas

Audiences

  • Gach Saoránach

Interests

  • Fire Services