Cáin Mhaoine Áitiúil – Céim an Chomhairliúcháin Phoiblí

Closed 13 Aug 2014

Opened 15 Jul 2014

Overview

Cliceáil anseo chun na Ceisteanna Coitianta agus Buiséad Giorraithe a Glacadh 2014 a léamh. Chun teacht ar an suirbhé, téigh thíos go bun an leathanaigh.

De réir alt 20 den Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012, arna leasú le halt 5 den Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2013, is féidir le hÚdarás Áitiúil, mar fheidhm fhorchoimeádta, cinneadh a dhéanamh le bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú +/-15% laistigh dá limistéar feidhme. Is féidir le hÚdaráis Áitiúla an chumhacht seo a fheidhmiú ó 2015 ar aghaidh agus tháinig an t-alt bainteach den acht i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2014.

Ní mór d’Údarás Áitiúil aon chinneadh le bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú a dhéanamh roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain chun go dtiocfaidh an t-athrú sin i bhfeidhm ar an 1  Samhain (an dáta dliteanais), tráth a shocrófar dliteanas na gcáiníocóirí i leith CMÁ sa limistéar údaráis áitiúil sin don bhliain dár gcionn.

Mar chuid den phróiseas seo, is cóir don Údarás Áitiúil tuairimí an phobail a lorg. Dá bhrí sin, tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag iarraidh ar dhaoine leasmhara ar baill den phobal iad páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin seo. Beidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl ó Dé Máirt, an 15 Iúil 2014 go dtí 4.30i.n., Dé Céadaoin, an 13 Lúnasa 2014.

Is féidir le páirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa phróiseas ar na bealaí seo a leanas:

  1. Suirbhé ar líne a chomhlánú ag www.dublincity.ie
  2. Leagan PDF den suirbhé a chur isteach tríd an ríomhphost chuig LPTconsultation@dublincity.ie
  3. Cóip chrua den suirbhé a chur isteach chuig:

Comhairliúchán ar an gCáin Mhaoine Áitiúil,

f.ch. An Rannóg Airgeadais,

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Bloc 1, Urlár 8,

Oifigí na Cathrach,

Cé an Adhmaid,

Baile Átha Cliath 8

 

Cuirfear cóipeanna crua den suirbhé seo ar fáil i Leabharlanna Poiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus san Ionad Seirbhísí do Chustaiméirí, Oifigí na Cathrach, Cé an Adhmaid, Baile Átha Cliath 8 agus in Oifigí Ceantair áitiúla. Cuirfear leagan PDF den suirbhé ar líne ar fáil freisin lena íoslódáil ar http://www.dublincity.ie/ nó cuirfear cóip chugat ach ríomhphost a sheoladh chuig lptconsultation@dublincity.ie

Ní mór do bhaill an Údaráis Áitiúil cíoradh a dhéanamh ar an aiseolas a fhaightear tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí mar chuid den phróiseas déanta cinnidh agus ní mór tuairisc a chur le chéile faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh, le hachoimre ar na haighneachtaí i scríbhinn a fuarthas a thabhairt dóibh, chun na críche seo.

Ní mór do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a chinneadh a chur in iúl do:

  1. Na Coimisinéirí Ioncaim
  2. An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

faoin 30 Meán Fómhair 2014. Tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis rún a rith le ráta CMÁ a athrú, caithfear fógra a chur ar láithreán gréasáin na Comhairle Cathrach agus in aon nuachtán amháin a scaiptear sa limistéar.

Areas

  • All Areas

Audiences

  • Gach Saoránach

Interests

  • An Cháin Mhaoine Áitiúil