Fógra Poiblí Maidir Le Dréachtphlean Um Oiriúnú D'athrú Aeráide Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliatha 2019-2024

Closed 25 Mar 2019

Opened 11 Feb 2019

Overview

Tugtar fógra leis seo go bhfuil Dréachtphlean um Oiriúnú d’Athrú Aeráide don tréimhse 2019-2024 ullmhaithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Leagtar amach sa Dréachtphlean um Oiriúnú d’Athrú Aeráide an bealach a ndéanfaidh an Chomhairle feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh ina foirgnimh agus ina gníomhaíochtaí féin agus an bealach a laghdóidh an Chomhairle na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leo sin. Ag an am céanna, déanfar an limistéar atá faoi chúram Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a oiriúnú do dhrochéifeachtaí an athraithe aeráide. Cuimsítear sa Dréachtphlean raon gníomhartha a nglacfar leo thar cúig réimse tosaíochta gníomhaíochta: Fuinneamh & Foirgnimh, Iompar, Teacht Aniar ó Thuilte, Réitigh bunaithe ar an Nádúr agus Bainistíocht Acmhainní.

Beidh Dréachtphlean um Oiriúnú d’Athrú Aeráide Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, chomh maith leis an Tuarascáil Comhshaoil ar Mheasúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus an Mheasúnacht Chuí (MC) ar Thuarascáil Tionchair Natura, ar fáil lena n-iniúchadh i rith na ngnáthuaireanta oifige sna háiteanna seo a leanas ó Luan an 11ú Feabhra 2019 go Luan an 25ú Márta 2019 san áireamh:

Oifigí na Cathrach, An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8 ó Luan go hAoine (seachas Laethanta Saoire Bainc) idir 9.30 am agus 4.30 pm.
I ngach Leabharlann de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i rith a ngnáthuaireanta oifige.
In Oifigí Ceantair i rith a ngnáthuaireanta oifige, mar seo a leanas:
Oifig an Lárcheantair, 51-53 Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada Íochtarach, Baile Átha Cliath 1

Oifig Cheantar na Cabraí, 97 Bóthar na Cabraí Nua, Baile Átha Cliath 7

Ionad Cathartha Ceantar an Lárthuaiscirt, Bóthar Bhun Raite, An Chúlóg, Baile Átha Cliath 17

Oifig Cheantar Dharndál, Darndale Bell Building, Darndál, Baile Átha Cliath 17

Ionad Cathartha Bhaile Munna, an tSráid Mhór, Baile Munna, Baile Átha Cliath 9

Ionad Cathartha Fhionnghlaise, Bóthar Uí Mhaoilíosa, Fionnghlas, Baile Átha Cliath 11

Ionad Cathartha Pobail Bhaile Formaid, Bóthar Bhaile Formaid, Baile Átha Cliath 10

Oifig Cheantar Chromghlinne, 13 Sráidbhaile Chromghlinne, Baile Átha Cliath 12

Féadfar breathnú ar na doiciméid ar Mhol Comhairliúcháin Phoiblí na Comhairle freisin ag https://consultation.dublincity.ie/ agus ag www.dublinclimatechange.ie.

Lá Buail Isteach d'Fhaisnéis Phoiblí

Eagrófar Lá Buail Isteach d'Fhaisnéis Phoiblí i rith na tréimhse comhairliúcháin phoiblí Satharn an 16ú Feabhra 2019, ó 12 pm go 5 pm i Seomra na gColún, Teach an Ardmhéara, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2. Tugtar cuireadh don phobal agus do ghrúpaí leasmhara bheith i láthair ag an Lá Buail Isteach d'Fhaisnéis Phoiblí.

Aighneachtaí

Cuirtear fáilte roimh thuairimí nó aighneachtaí scríofa ón bpobal nó ó pháirtithe leasmhara eile maidir le Dréachtphlean um Oiriúnú d’Athrú Aeráide Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 2019-2024, maidir leis an Tuarascáil Comhshaoil ar Mheasúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus maidir leis an Measúnacht Chuí (MC) ar Thuarascáil Tionchair Natura.

Féadfar aighneachtaí a dhéanamh mar seo a leanas:

Ar líne ag https://consultation.dublincity.ie/

Le ríomhphost chuig climateaction@dublincity.ie

Tríd an bpost / cóip chrua, leis an seoladh:

Bainisteoir Feidhmeach,

An Rannóg Comhshaoil agus Iompair,

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath,

Bloc 2,

Urlár 6,

Oifigí na Cathrach,

Cé an Adhmaid,

Baile Átha Cliath 8.

Glacfar le haighneachtaí agus le tuairimí ó Luan an 11ú Feabhra 2019 go Luan an 25ú Márta 2019 san áireamh.

Is é Luan an 25ú Márta 2019 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.

Ní mór d'ainm, do sheoladh agus, más iomchuí, an eagraíocht, comhlacht, srl. lena mbaineann tú, a lua leis an aighneacht. Cuir isteach d'aighneacht ag úsáid ceann amháin de na modhanna seo a leanas le do thoil: seoladh tríd an bpost / mar chóip chrua nó le ríomhphost nó ar líne.

Cuirfear gach aighneacht agus tuairim a fhaightear i rith na tréimhse a luadh thuas san áireamh roimh a chuirtear le chéile Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 2019-2024.

Má úsáideann tú teicneolaíocht chúnta (amhail léitheoir scáileáin) agus má bhíonn leagan d'aon doiciméad ag teastáil uait i bhformáid inrochtana (amhail Word), seol r-phost chuig accessofficer@dublincity.ie nó climateaction@dublincity.ie agus cuirfear an doiciméad ar fáil duit sa bhformáid a éilítear a mhéid is indéanta sin le réasún.

TABHAIR FAOI DEARA LE DO THOIL:

MOLTAR DUIT D'AIGHNEACHT A DHÉANAMH/DO THUAIRIM A THABHAIRT A LUAITHE IS FÉIDIR. NÍ GHLACFAR LE hAIGHNEACHTAÍ/TUAIRIMÍ DÉANACHA.

Arna dhátú: Luan an 11ú Feabhra, 2019

Dick Brady

Leas-Phríomhfheidhmeannach

An Rannóg Comhshaoil agus Iompair

Events

  • Public Information Drop-In Day

    From 16 Feb 2019 at 12:00 to 16 Feb 2019 at 17:00

    A Public Information Drop–In Day will be held during the public consultation period on Saturday 16th February 2019, from 12pm to 5pm in The Round Room, at The Mansion House, Dawson Street, Dublin 2.  Members of the public and interested groups are invited to attend the Public Information Drop-In Day.

Areas

  • All Areas

Audiences

  • Anyone from any background

Interests

  • Climate Change
  • Environmental Issues