Rotharbhealach na Life, Roghanna Dearaidh – Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil

Closed 17 Apr 2015

Opened 24 Mar 2015

Overview

Maidir le breithniú atá á dhéanamh ar  Rotharbhealach easbhóthair a chur isteach feadh na Life, tá do thuairimí ag teastáil ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faoin Aoine,  17 Aibreán 2015.

Cuirfear  rotharbhealach  ‘Raon rothar na Life’  isteach ó Pháirc an Fhionnuisce go dtí  Áras an Phointe (3-Arena) i gCeantar na nDugaí .

Tá ceithre rogha gur féidir a mheas:

• Rogha 1:  Raon déthreoch ar na Céanna Thuaidh. Bheadh an líon céanna lánaí tráchta ar fáil.  Cuirfear clárchosán nua isteach ag an gcaolas bóthair ar Ché Árann agus Ellis.

• Rogha 2:  Raon rothar déthreoch a chuirfear isteach feadh na gcéanna thuaidh.   Cuirfear busanna ar mhalairt slí chuig conair nua iompair phoiblí ar Shráid na Binne Boirbe, idir Stáisiún Heuston agus Sráid an Teampaill.

• Rogha 3:  Raon rothar déthreoch a chuirfí isteach feadh na gcéanna thuaidh. Cuirfear  busanna ar mhalairt slí taobh ó thuaidh d'Acra na gCraipithe agus shínfí an pháirc amach chomh fada le bruach na habhann.

•  Rogha  4:  Raon aontreoch ar an dá ghrúpa Céanna.  Cuirfear na raonta rothar isteach ar thaobh foirgneamh na sráide.  Leanfadh busanna agus an trácht ginearálta leo araon ag úsáid na gcéanna mórán mar a úsáideann faoi láthair.

Is féidir féachaint ar na ceithre rogha ar www.cycledublin.ie.  Is féidir é seo a dhéanamh ag Oifigí na Cathrach, Comhairle Cathrach Bhaile  Átha Cliath, Cé an Adhmaid, Baile Átha Cliath 8 agus sa Lárleabharlann (Ilac) agus ag Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, 138-144 Sráid an Phiarsaigh.

Areas

  • All Areas

Audiences

  • Gach Saoránach

Interests

  • Gach Seirbhís