Forbhreathnú
Tá (an t-údarás áitiúil) ag beartú tairseach nua thoghcháin a sholáthar, www.voter.ie i Mí Feabhra/an Mhárta 2019. Ní bheidh Voter.ie ar fáil ach i réigiún Bhaile Átha Cliath amháin agus cuirfidh sí áis ar fáil d’úsáideoirí chun a sonraí toghcháin a sheiceáil i bhfíor-am agus glacfaidh sí áit www.checktheregister.ie
Chomh maith leis sin cuirfidh an tairseach réimse seirbhísí ar líne ar fáil d’úsáideoirí. Beidh vótálaithe in ann
Is seirbhís breise é seo do chónaitheoirí Bhaile Átha Cliath agus ní ghlacfaidh sé áit na bhfoirmeacha páipéir reatha. Is féidir le húsáideoirí a sonraí a sheiceáil má chuireann siad a n-ainm agus a seoladh iomlán nó a nÉirchód ar an gcóras. Má tá siad ag iarraidh úsáid a bhaint as na seirbhísí a luaitear thuas, áfach, caithfidh úsáideoirí a gcéannacht a fhíorú trí www.mygovid.ie. Is seirbhís céannachta ar líne é MyGovID, a d’fhorbair an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, a thugann deis duit rochtain a fháil ar sheirbhísí Rialtais ar líne ar bhealach slán sábháilte.
De bhrí go bhfuilimid ag tabhairt isteach córas nua caithfimid Measúnacht Tionchair ar Phríobháideacht Sonraí (MTPS) a dhéanamh.
Tabhair Dúinn Do Thuairimí
Share
Share on Twitter Share on Facebook